Zaha Hadid

mion|Maggie's Centre ag Ospidéal Victoria i gCair Chaladain, in Albain

Ailtire Briotanach ab ea Dame Zaha Mohammad Hadid (31 Deireadh Fómhair 195031 Márta 2016), a rugadh in Baghdad na hIaráice. Lig Hadid an ailtireacht saor lena cuid cruthanna sreabhánacha scuabacha agus lán de bhrí. Tá pointí peirspictíochta difriúla ag na cruthanna seo chomh maith le céimseata briste a chuireann ar intinn an duine anord agus anbhuain an tsaoil inniu.

I mBagdad d'fhreastail Hadid ar scoil dara leibhéil Chaitliceach ina rinneadh an teagasc trí mheán na Fraincise agus ina raibh fáilte roimh mhic léinn Mhoslamacha agus Ghiúdacha. Rinne Hadid staidéar ar an matamaitic ag an Ollscoil Mheiriceánach i mBeirut, agus ansin, sa bhliain 1972, chuaigh sí go dtí an Architectural Association School of Architecture i Londain. Ina dhiaidh sin, d'oibrigh sí faoi Rem Koolhaas agus Elia Zenghelis. Sa bhliain 1980 chuir sí a chomhlacht féin ar siúl agus faoi dheireadh na 1980idí bhí sí ag tarraingt airde uirthi féin ar fud an domhain. Oibríonn 400 duine inniu ag Zaha Hadid Architects in Clerkenwell, Londain.

Fuair Zaha Hadid bás in aois a 65 bliana in Miami, Florida. Bhíothas ag cóireáil broincítis agus taom croí a bhuail í. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 2 toradh á dtaispeáint as 2 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Hadid, Zaha', am iarratais: 0.05s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
    de réir Ricon Baldessarini, Sonia
    Foilsithe / Cruthaithe 2001
    Rannpháirtithe: “…Hadid, Zaha…”
    Gairmuimhir: Ar1a3 BG-Hb 1360/2001B
    LEABHAR
  2. 2
    Foilsithe / Cruthaithe 2002
    Rannpháirtithe: “…Hadid, Zaha…”
    Gairmuimhir: Ar1d1 BG-Hb 147/2003T
    LEABHAR