Karel Čapek

Áirítear Karel Čapek (9 Eanáir 1890 – 25 Nollaig 1938) ar scríbhneoirí móra na Seicise. Bhí sé ar cheannródaithe an fhicsin eolaíochta lena chuid saothar, agus d'imir sé an-tionchar ar scríbhneoirí éagsúla ó George Orwell go Brian Aldiss. B'eisean, nó b'fhéidir a dheartháir Josef, a bhí ina scríbhneoir ann féin, a chéadcheap an focal "róbat". B'é Karel Čapek, áfach, a bhain an chéad úsáid as ina dhráma "R.U.R."

Saolaíodh i Malé Svatoňovice é, agus chuaigh sé ag freastal ar an meánscoil i Hradec Králové, nó Königgrätz, mar a bhí ar an áit go hoifigiúil san am, ós rud é nach raibh sa tSeic ach cúige de chuid na hOstaire san am. Ghlac Karel óg páirt in agóidíocht fhrith-Ostarach, agus ruaigeadh as an scoil é, ionas gurbh éigean dó dul go Brno (Brünn) leis an gcuid eile den mheánscoil a chur isteach. I ndiaidh na meánscoile, rinne sé staidéar ar fhealsúnacht i bPrág, i mBeirlín agus i bPáras.

thumb|left|Leacht cuimhneacháin - Prág Bhí drochshláinte air, agus mar sin, níor glacadh leis in Arm na hOstaire. I ndiaidh an chogaidh, chuaigh sé le hiriseoireacht agus le hamharclannaíocht, agus casadh aisteoir óg mná air, Olga Scheinpflugová. Bhí siad ag dul amach ar feadh i bhfad, ach níor phós Čapek í ach go gairid roimh a bhás féin. Shíothlaigh sé i ndiaidh Chomhdháil München, agus an Ghearmáin ag cúngú go bagrach ar an tSeicslóvaic. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 2 toradh á dtaispeáint as 2 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Čapek, Karel', am iarratais: 0.04s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
    de réir Čapek, Karel
    Foilsithe / Cruthaithe 1990
    Gairmuimhir: F10 Capek, Karel BG-Hb 1529/90T
    Grianghraf
  2. 2
    de réir Capek, Karel
    Foilsithe / Cruthaithe 1987
    Gairmuimhir: L2c Capek, Karel BG-Hb 0811/2007G
    LEABHAR